Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M875

M875.0

Aois, Criost, ocht c-céd seachtmodha a cúig.

M875.1

An cúigeadh bliadhain décc d'Aodh.

M875.2

Maol Pattraicc, mac Ceallaigh, abb Mainistreach Buithe, d'écc.


p.522

M875.3

Ceallach, egnaidh Tíre Dá Glais, d'écc.

M875.4

Cumascach, mac Muiredhaicch, tighearna Ua Cremhthainn, do mharbhadh la h-Ultaibh.

M875.5

Gairbhith, mac Maoil Brighde, tigherna Conaille do dhíchendadh lá h-Uibh Eathach.

M875.6

Gaeth mhór, teintech, & toirnech i n-Erinn an bhliadhain-si, & ro fearadh frosa fola iaramh, gur bhó forréil pairte cró & fola forsna maighibh cianachtaibh oc Duma in Deasa.

M875.7

Scrín Colaim Cille, & a mhionna archena do thiochtain a n-Erinn for techeadh ria n-Gallaibh.

M875.8

Innreadh Ua c-CeinnsealaighCind Eidigh, mac Gaeithín, tighearna Laoighisi, & ro marbhadh sochaidhe lais.

Annal M876

M876.0

Aois Criost, ocht c-céd seachtmoghat a sé.

M876.1

Ticchernach, mac Muiredhaigh, epscop & abb Droma Inesclainn, d'écc.

M876.2

Feirghil, mac Comhsuidh, abbaidh Domhnaigh Sechnaill, do mharbhadh i n-duinethaide.

M876.3

Dunghal, abb Leithglinne.

M876.4

& Robhartach, abb Ruiss Cré, d'écc.

M876.5

Maol Cobha, mac Crunnmhaoil, abb Arda Macha, do erghabháil do Ghallaibh Locha Cuan, & an fer leighinn .i. Mochta.

M876.6

Becán, mac Garbháin, prioir Cille h-Achaidh.

M876.7

Aonghas, mac Cionaodha, tigherna Fer n-Arda.

M876.8

& Mael Caere, tighearna O c-Cremhthainn, d'ég.

M876.9

Ualgharcc, mac Flaithbhertaigh, righdhamhna an Tuaisceirt.

M876.10

& Fínsneachta, mac Maeli Corcra, tighearna Luighne, d'écc.

M876.11

Maidhm for Laighnibh a n-Uachtar Dara, i t-torchair Bolcc Odhar mac Maoil Chéir.

M876.12

Ar Laighen Desgabhair, oc Fulachtaibh, ria n-Osraighibh, i t-torcair Dunócc, mac Anmchadha, & Dubh Thoirtrigh, mac Maoil Dúin, amaille re dá ched fer eidir guin & bádhadh.

M876.13

Maidhm ria c-Cerbhall, mac n-Dunghaile, & riasna Deisibh, for Firu Mumhan, ac Indeoin, i torcair Flandabhrae, tighearna Gabhra, & sochaidhe oile amaille fris.

M876.14

Indredh Midhe ó Fheraibh Mumhan co Loch,


p.524

n-Aindind.

M876.15

Iar m-beith sé bliadhna décc h-i righe n-Ereann d'Aodh Fhinnliath, mac Néill Caille, fuair bás i n-Druim Inesclainn i c-crich Conaille, an 20 lá do Nouember, conadh dia deimhniucchadh adubhairt Fothadh,

    1. Cúicc bhliadhna ar secht n-déchibh,
      dech c-céd is cúicc míle,
      o Adhamh, nit gaela,
      co h-écc n-Aedha at-rímhi.
    2. Sechtmogha ar ocht c-cédaibh,
      la sé bliadhnaibh airibh,
      o ghein Críost gan aera,
      co bás Aedha n-Ailígh.
    3. A dó dég Calainn ceolach
      December diana toiden
      i n-erbailt amhra airibh
      Aodh Ailigh airdrigh Gaoidheal.

Flannaccán, mac Ceallaigh, ro ráidh ind so,

    1. As foda an gamh-adhaigh,
      fri glessa gaíthe garbha,
      Fo brón brigh do muinebhair,
      nad mair slegh-derg sadhba.
    2. As adhbhal fria h-immaire,
      tonna cum co n-grinne,
      Fithidher bidh samhlaithi,
      cach drong imraitech indi.
    3. Fer fial forsaidh fornaidhe,
      diambu lán Temhair tireach,
      sciath fri h-omna i n-ernaidhe
      diden brogha mac Míleadh.
    4. Graifnidh Tailten telglaine,
      Teamhrach tres co cetaibh,
      ruire Fodla febdhaidhe,
      ba moo Aodh Oiligh egaibh.
    5. As dalach, ni dearmattach
      deirghe an betha bhuidhe,
      As clochda, ní coindercel,
      cridhe miadhach Mac Duine.
    6. Ni moo beitís minchuile,
      flaithi Síl Adhaimh occa.
      h-eu cen ainme imradhadh
      for ind foltleabhar fota.


p.526

M876.16

Ainmire, abb Arda Macha frí ré naoi míos, do écc, & ro baí triocha bliadhain na shagart riasan tan-sin.

Annal M877

M877.0

Aois Criost, ocht c-céd seachtmoghat a seacht.

M877.1

An céd-bhliadhain do Flann t-Sionna mac Maoilechlainn, ós Erinn h-i ríghe.

M877.2

Feradhach, mac Corbmaic, abb Iae.

M877.3

Duibhlitir, abb Cluana h-Eoais & Tighe Airindán.

M877.4

Muireadhach, mac Corbmaic, abb ó Eantraibh.

M877.5

Domhnall, mac Muirigein, Laighean.

M877.6

Ferghil abb Cluana Móir M' Oedhocc.

M877.7

Flannaccán, mac Faoláin, rioghdhamhna Ua Ceinnsealaigh do écc.

M877.8

Maol Ciaráin, mac Conaing, tighearna Teathbha, d'ég h-i c-clércecht, iar n-deigh-bheathaidh.

M877.9

Maol Mithidh, mac Duibh Indrechtaigh, do mharbhadh la h-Artheraibh.

M877.10

Caindealbhán, mac Riagáin, ríoghdamhna Laighen, d'ég.

M877.11

Flann, mac Maoilechlainn, do thecht h-i c-crích Laighen, co rucc a n-gialla.

M877.12

Indreadh Mumhan ó tá Boraimhe co Corcaigh la Flann, mac Maoilechlainn.

Annal M878

M878.0

Aois Criost, ocht c-céd seachtmoghat a h-ocht.

M878.1

An dara bliadhain do Flann t-Sionna.

M878.2

Crunmhaol Cluana Caoin, epsucc & angcoire.

M878.3

Suibhne ua Fínnachta, epscop Chille Dara.

M878.4

Ruidhghel, epscop & abb Imlecha Iobhair.

M878.5

Aodhacán an Oilein.

M878.6

Ferchair abb Bennchair.

M878.7

Martan ua Roichligh abb Lis Móir.

M878.8

Neassán, mac Ceallaigh, abb Cluana Ferta Mo Lua.

M878.9

Aonghus, mac Mael Caularda, comharba Epscoip Eoghain Arda Sratha.

M878.10

& Aonacán, mac Ruadhrach, abbaidh Lusscca, d'écc.

M878.11

Maol Fabhaill, mac Loingsigh, tighearna Chairrge Brachaighe.

M878.12

Flaithemháin, mac Ceallaigh, tighearna Ua m-Briuin Cualann.

M878.13

Maol Sinchill, mac Mughróin, tighearna Ua f-Failge, d'ég.

M878.14

Derthech Cianáin d'argain & do chrothadh do Gallaibh, & sochaidhe mór do dhaoinibh do bhreith as a m-broid.

M878.15

Barith, córaidh andgaidh do Nortmannaibh, ba toiseach do lucht na h-inghreama sin, do mharbhadh iaramh, & do losccadh i n-Ath Cliath, tré miorbhúilibh Dé & naoimh Chianáin.

M878.16

Dondghal, mac Maile Cáin, flaith Ua Conandla.

M878.17

& Cerbhall, mac Con Cóirne,


p.528

rioghdamhna Caisil, d'ég.

M878.18

Aodhagán, mac Delbhaoith, d'ég.

M878.19

Tuathal, mac Fiachrach, tigherna Tóchair Mhóir.

M878.20

Fiond, mac Duibh Shláine tighearna Ua f-Fidhgheinte, do écc.

Annal M879

M879.0

Aois Criost, ocht c-céd seachtmoghat a naoi.

M879.1

An treas bhliadhain do Fhlann.

M879.2

Muirchertach, mac Néill, abb Daire Chalgaigh & ceall n-aile, d'ég.

M879.3

Scannlán, abb Dúin Lethglaisi, do écc.

M879.4

Cathal, mac Corbmaic, ab & epscop Cluana Dolcáin.

M879.5

Corbmac, mac Ciaráin, abb Tuama Dá Ghualann, & prioir Cluana Ferta Brénainn.

M879.6

Duibh Insi, ab Insi Caoin Degha.

M879.7

Aedhán, abb Cluana Ioraird.

M879.8

Flann, mac Duibh Dá Chríoch, egnaidh Tíre Dá Ghlais, d'écc.

M879.9

Raoinedh ria Conaille Muirtheimhne .i. 'ma tighearna Gibhleachain, for Ultaibh, i t-torchair Ainbhith, mac Aedha, Uladh, & Conallán, mac Maele Dúin, tigherna Cobha, & aroile saorchlanna immaille friú.

M879.10

Conchubhar, mac Taidhg (& as esin Tadhg Mór mac Muirghesa) Teora Connacht, d'écc, iar n-deigh-bhethaidh.

M879.11

Sluaicchedh lasan righ Flann, mac Maoileachlainn, co n-Gaoidhealaibh & go n-Gallaibh isin Fochla co n-deisidheadar i Muigh Eitir Di Ghlais, go ro h-indreadh lá druing dona slóghaibh Ard Macha, & ro gabh gialla Conaill, & Eoghain don túrus-sin.

M879.12

Lorcán, mac Cosgraigh, tighearna Ua Nialláin, & Donnagán, mac Focartaigh, tighearna Fernmhaighe, do comhthuitim fri aroile.

M879.13

Indreadh MumhanFlann, mac Maoilechlainn, & a m-braighde do bhreith lais.

M879.14

Ailill, mac Findcheallaigh, flaith Ua Trena h-i c-crich Ua c-Ceinnsealaigh, do écc.

Annal M880

M880.0

Aois Criost, ocht c-céd ochtmodha.

M880.1

An cethramhadh bliadhain do Fhlann.

M880.2

Maol Ruain, epscop Lusca.

M880.3

Ferghil, abb Ferna.

M880.4

Aonghas, mac Maoile Dúin,


p.530

ríghdhamhna an Tuaisceirt, do dhícendadh la Dal n-Araidhe.

M880.5

Focarta, mac Duibh Dá Cheall, abb Tighe Mo Chua.

M880.6

Cumuscach, mac Domhnaill, tighearna Ceneoil Laoghaire.

M880.7

Faolán, mac Dunlainge, tighearna Tochair Eachdach, d'écc.

M880.8

Braon, mac Tighearnaigh, do mharbhadh lá h-Ainbhith, mac Gairbhith.

As dia bhás & do bhás Aonghasa ro ráidheadh,

    1. Braon, mac Tighearnaigh gan gaoi,
      cadhla aerclos fon m-bith cé,
      Aenghus do ghuin amhail Broen,
      ca ní cen do decraidh Dé.

M880.9

Ainbhith, mac Mughroin, tighearna Mughdhorn m-Bregh, do mharbhadh.

M880.10

Cathusach, mac Robhartaigh, abb Arda Macha, do écc.

Annal M881

M881.0

Aois Criost, ocht c-céd ochtmodha a h-aon.

M881.1

An cúicceadh bliadhain do Fhlann.

M881.2

Scandal, epscop Cille Dara.

M881.3

Ailbrend, abbaidh, mac Maichtich, comharba Finnéin, Cluana h-Ioraird.

M881.4

Suairleach, abb Aird Breacáin.

M881.5

Raghallach, abb Bendchuir.

M881.6

Dunadhach, mac Corbmaic, abb Mainistreach Buithe.

M881.7

Conallán, mac Maoil Teimhin, abb Insi Cain Degha.

M881.8

Corbmac, mac Ceithearnaigh, prioir Tíre Dá Ghlas & Cluana Fearta Brénainn, & an dara tighearna boí an tan-sin for Loch Riach.

M881.9

Domhnall, mac Muireccen, Laighen, do mharbhadh la Laighnibh bhudhdéin.

M881.10

Coirpre, mac Dunlaing, tighearna Airthir Life & Donn Chuan, mac Conghalaigh, tighearna Ciannachta Glinne Geimhin, d'écc.

M881.11

Ainbhith, mac Aedha, mic Madagáin, Uladh, do mharbhadh do Chonaillibh Muirtheimhne.

M881.12

Gairbhith, mac Artuir, tánaisi Iarthair Liphe, d'ég.

M881.13

Cathalán, mac Coirbre, tanaissi Ua f-Failghe, do mharbhadh.

M881.14

Conaing, mac Flainn, tánaisi Ciannachta, do mharbhadh la Laighnibh.

M881.15

Dunagan, mac Tuathchair, tighearna Gaileng Collamrach, do mharbhadh lá Gailengaibh Móraibh.


p.532

Annal M882

M882.0

Aois Criost, ocht c-céd ochtmodha a dó.

M882.1

An seiseadh bliadhain do Fhlann.

M882.2

Corbmac, epscop Doimh Liacc, & abb Cluana h-Ioraird.

M882.3

Eochu, mac Robhartaigh, abb Findabhrach Abhae & Cille Moinne.

M882.4

Muiredhach, mac Broin, tighearna Laighean, & abb Cille Dara. Bá dó ro ráidheadh,

    1. Morliach Muiredhach Maighe Liphe,
      laoch linibh cuire,
      Laighean co l-ler lebhenn,
      mac Brain, buaidh n-Ereann uile.
    2. Ionmhain gnúis caoinibh ríoghaibh,
      caomh dúis fo líogaibh loraibh,
      Gilither slis a sídhaibh,
      ro bris for milibh móraibh.

M882.5

Mughrón, mac Cinn Fhaolaidh, abb Cluana Ferta Brénainn.

M882.6

Maol Tuile, mac Féthgnaigh, abb Glaisi Noédhen.

M882.7

Tuilelaith, inghen Uarghalaigh, banabb Chille Dara, d'ég, an 10 lá Ianuarii.

M882.8

Domhnall, mac Aodha, tighearna Ceneóil Laoghaire, d'écc h-i c-cléirceacht.

M882.9

Maol Pádraicc, mac Maol Cuarardda, tighearna Airghiall, do mharbhadh lá h-Airghiallaibh feissin.

M882.10

Maol Dúin, mac Aonghusa, tigherna Caille Fallamhain, d'ég.

M882.11

Mac ócc do labhra occ Craoibh Laisre dia dá mhiós iar na gheinemhain.

M882.12

Eochagán, mac Aedha, mic Madagáin, Uladh, do mharbhadh la maicne n-Ainbhith, mic Aedha.

Annal M883

M883.0

Aois Criost, ocht c-céd ochtmodha a trí.

M883.1

An seachtmhadh bliadhain do Fhlann.

M883.2

Maol Pádraicc, abb Cluana Mic Nóis, do Uibh Maine a chenel.

M883.3

Tuathal, mac


p.534

Ailbhe, abb Chille Dara.

M883.4

Robhartach, mac Colgan, abb Chille Thomae, d'ég.

M883.5

Scandal, mac Ferghil, abb Domhnaigh Sechnaill.

M883.6

Forcellach, abb Chille Mic Míolchon.

M883.7

Clothchu, mac Maoile Tuile, prióir Cluana h-Ioraird.

M883.8

Anaile secnab ( i. prioir) Glinne Dá Locha d'écc.

M883.9

Guin Tuathail, mic Domhnaill, & Cathail, mic Finnagáin, dá righdamhna Laighean, la Finsneachta, mac Muiredhaigh.

M883.10

Longbortán, mac Finnachta, tighearna Múscraighe, do mharbhadh.

M883.11

Orgain Chille Dara la Gallaibh, co ruccsat ceithri fichit décc do dhaoinibh a m-broid leó dochum a long, iman prioir .i. Suiphne, mac Duibh Da Bhoirend, la taobh gacha maithesa oile dá ruccsat leo.

Annal M884

M884.0

Aois Criost, ocht c-céd ochtmodha a cethair.

M884.1

An t-ochtmhadh bliadhain do Flant.

M884.2

Eochaidh, mac Comhgain, epscop Lainde h-Eala, do chríochnucchadh a bhetha iar sendataidh.

M884.3

Reachtaidh, suí epscop Cluana h-Uamhach.

M884.4

Maol Tuile, .i. mac Dunghaile, abb Beannchair.

M884.5

Colcu, mac Connacáin, abb Cinn Ettich, ollamh aurlabhraidh, & senchaidh as deach ro bhuí i n-Erinn ina réimhes.

M884.6

Diarmaid, abb Becc Ereann.

M884.7

Maol Ruain, abb Disirt Diarmada, Chille h-Achaidh, & Tighe Thaille.

M884.8

Cui Gan Máthair, abb Imleacha Iobhair.

M884.9

Aedhan, mac Rechtadha, abb Rosa Cre.

M884.10

Tighearnach, mac Tolairgg tanaissi Deisceirt Bregh, d'écc.

M884.11

Tresach, mac Becáin, flaith Ua m-Bairrche Maighe, do mharbhadh la h-Aodh, mac Iolghuine. As dó ro ráidh Flann mac Lonáin,

    1. Trom-cheó for chóiceadh m-Bresail,
      ó at-bath leo i Liphi lessaigh,
      tromm essnadha Assail,
      do brón tesbhadha Tressaigh.
    2. Scith mo mheanma, muad mo ghnas,
      ó l-luidh Treassach i tiughbhás
      osnadh Oenaigh Lifi láin,
      Laighin co muir mac Becáin

M884.12

Maol Mura an file foircthe fior-eolach, staraidhe eargna an bherla Scoitegdha, d'écc. As fair tuccadh an testemain-si,


p.536

    1. Ní forlaigh talmhain toccha,
      ní targa i t-Temhraigh tura,
      Ní tairche all-Eiriu iormhar
      fear mar Mhaol minglan Mura.
    2. Ní esibh bás gan dolmhai,
      ni roacht gnás co marbha,
      Nír h-iadhadh talamh trebthaigh
      for seanchaidh badid amhra.

M884.13

Ananloen an t-ailithir cosin epistil do-radadh do nimh i n-Ierusalem co Cain Domhnaigh & foircetlaibh maithe do thiachtain a n-Erinn.

M884.14

Cuilen, mac Cerbhaill, mic Dunghaile, & Mael Feabhail, mac Muirchertaigh, do mharbhadh la Nortmannaibh, conadh dó ro ráidheadh,

    1. Cuilen for comairge Dé
      ar phéin iffrinn, olc a l-lí,
      Ro-mmenair Cuilen do choi
      dég do-ruimen robadh .

M884.15

Mael Febhail, inghen Maoil Sechlainn, d'ég.

M884.16

Ar do thabhairt ar Ghallaibh Luimnigh la Connachtaibh.