DÁMH
AN LÉINN CHEILTIGH

neasceacha don láithreán so i mbun an leathanaigh

Réimsí Taighde

Tá taighde nach beag á dhéanamh ag foireann agus ag mic léinn iarchéime Roinn na Nua-Ghaeilge ar litríocht agus ar theanga na Nua-Ghaeilge:

Staidéar ar mhórfhilí agus ar scríbhneoirí tábhachtacha próis na 20ú haoise a thug dúinn leabhair leis an nDr. Pádraigín Riggs ar ghearrscéalta Dhonncha Uí Chéileachair agus Phádraig Uí Chonaire ( Donncha Ó Céileachair: Anailís Stíleach (1978), Pádraig Ó Conaire: Deoraí (1994) )agus leabhair leis an Ollamh Seán Ó Coileáin, le hEibhlín Nic Ghearailt, agus le Stiofán Ó Cadhla (beirt mhac léinn iarchéime iad so a oibrigh fé stiúir an Ollaimh Ó Coileáin) ar Sheán Ó Ríordáin - Seán Ó Ríordáin: Beatha agus Saothar (Ó Coileáin, 1982), Seán Ó Ríordáin agus An Striapach Allúrach (Nic Ghearailt, 1988); Cá bhFuil Éire: Guth an Ghaisce i bPrós Sheáin Uí Ríordáin (Ó Cadhla, 1998)

Is ar thráchtas ar an dtréimhse inar cuireadh bonn fén nualitríocht a bunaíodh an leabhar Conradh na Gaeilge i gCorcaigh 1894-1910 (Traolach Ó Ríordáin, 2000).

Is as staidéar ar na dírbheathaisnéisí Gaeltachta, go háirithe an Bhlascaoid Mhóir a eascair leabhair ar Thomás Ó Criomhthain, agus eagráin de leabhair Pheig Sayers agus Éibhlín Ní Shúilleabháin (dialannaí óg, deirfiúr do Mhuiris Fiche Blian ag Fás). B'í obair na Roinne, idir fhoireann agus mic léinn iarchéime) a thug dúinn na leabhair seo a leanas: An tOiléanách (Seán Ó Coileáin, eagrán Nua, le teacht 2002), An tOileánach Léannta (Máiréad Nic Craith, 1988), Tomás Oileánach (Seosamh Céitinn, 1992), Peig: a Scéal Féin (Liam P. Ó Murchú agus Máire Ní Mhainnín, eagrán nua, 1998), Cín Lae Eibhlín (Máiréad Ní Loingsigh, 2000).

Traidisiún na lámhscríbhinní agus saothar liteartha na tréimhse 1700-1850. Níl aon ní chomh riachtanach i léann na Gaeilge le lámhscríbhinní na Gaeilge - ina bhfuil ár n-oidhreacht liteartha i dtaisce - a chlárú agus a chur i láthair scoláirí. Dhein na leabhair Scríobhaithe Chorcaí agus Clár Lámhscríbhinní Gaeilge Choláiste Ollscoile Chorcaí: Cnuasach Uí Mhurchú (1991) leis an Ollamh Breandán Ó Conchúir (1982), agus Catalogue of Irish Manuscripts in the University of Wisconsin-Madison (1989) leis an nDr. Niall Buttimer, obair thairbheach sa ghort so, agus ina theannta san léiríodar an tábhacht a bhaineann le staidéar de réir réigiúin ar ár lámhscríbhinní. Fianaise ar obair na Roinne chun eagráin scolártha de shaothair phróis agus filíochta is ea Cúirt an Mheon-Oíche (1982) le Liam P. Ó Murchú, Corraghliocas na mBan (1991) leis an Ollamh Ó Conchúir agus sraith téacsanna, go ngabhann tráchtaireacht ghlé leo, a fhoilsigh an Dr. Buttimer in Journal of the Cork Historical and Archaeological Society.

De thoradh obair na foirne agus na mac léinn iarchéime ó shin tá sé socair idir an Roinn agus An Clóchomhar go bhfoilseofar sraith de chuid na Roinne ar Fhilíocht Iarchlasaiceach na Mumhan. Tá an chéad dá imleabhar geall le bheith réidh:

Tá triúr mac léinn i mbun taighde dochtúireachta ar abhar liteartha sa Roinn i láthair na huaire.

Is tábhachtach leis an Roinn staidéar ar theanga agus ar chultúr na Gaeilge agus na Gaeltachta chomh maith leis an litríocht.

Ar thorthaí shaothrú na teangeolaíochta ag baill foirne na Roinne tá: obair Aidan Doyle ar an bhfoclóireacht agus ar an dteangeolaíocht, A Reverse Dictionary of Modern Irish (Lublin, 1996), Noun Derivation in Modern Irish: Selected Categories, Rules and Suffixes (Lublin, 1992), Covert and Overt Pronomials in Irish (Lublin 2002); aiste fhada leis an nDr. Roibeárd Ó hÚrdail, 'Eagsúlacht i gComhréir an Réamhfhocail i nGaeilge na Mumhan', in B. Ó Catháin agus R. Ó hUiginn (eag.), Béalra: Aistí ar Theangeolaíocht na Gaeilge (2001); 'Gaeilge na Mumhan' leis an nDr. Seán Ua Súilleabháin in K. Mc Cone et al. (eag.), Stair na Gaeilge (1994). Staidéar ar an athrú teangan a tharla in Éirinn sa naoú céad déag is ea an leabhar An Ghaeilge i gCorcaigh sa Naoú hAois Déag leis an nDr. Máiréad Nic Craith, saothar atá bunaithe ar thráchtas dochtúireachta a deineadh fé scáth na Roinne.

D'ullmhaíodh dhá fhéilscríbhinn d'iarollúna i Roinn na Nua-Ghaeilge, .i. P. de Brún, S. Ó Coileáin, P. Ó Riain, (eag.), Folia Gadelica: Essays Presented to R. A. Breatnach (Cork, 1983), agus P. Riggs, B. Ó Conchúir, S Ó Coileáin (eag.), Saoi na hÉigse: Aistí in Ómós do Sheán Ó Tuama (Baile Átha Cliath, 2000).

Tá breis eolais ar thaighde Roinn na Nua-Ghaeilge ar fáil ar an láithreán so mar a bhfuil tuairisc ar an bhfoireann acadúil.


Coláiste na hOllscoile, Corcaigh Roinn na Nua-Ghaeilge

Neascleanúint

[ An Dámh | Nua-Ghaeilge | Sean-Ghaeilge | Gaeilge Labhartha | Seandalaíocht | Stair ]

Dámh an Léinn Cheiltigh: Leathanaigh Bhaile

Cáipéasaí