Tá neascacha don láithreán so i mbun an leathanaigh
Seán Ua Súilleabháin
B.A., Ph.D.
Bhain Seán Ua Súilleabháin céim B.A. amach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh sa bhliain 1979. Thug bliain in Universidad Complutense, Madrid. Bronnadh céim na dochtúireachta sa Ghaeilge air 1986. D'oibrigh ar Fhoclóir na Nua-Ghaeilge, mar chúntóir taighde i Roinn na Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, mar léachtóir ionadaíochta i Roinn na Nua-Ghaeilge, Coláiste Phádraig, Maigh Nuad, mar scoláire agus mar chúntóir taighde i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Cliath, gur fhill ar Choláiste Ollscoile Chorcaí mar léachtóir i Roinn na Nua-Ghaeilge i mbliain a 1996.
Tá suim curtha aige i gcanúineolaíocht na Gaeilge, go háirithe i gcúrsaí deilbhíochta, tá suim fé leith aige i gcanúintí na Mumhan; tá obair déanta aige chomh maith ar an bhfoclóireacht agus i bhfoclóireacht stairiúil na Gaeilge, sa dán díreach, i litríocht na 17ú haoise, agus i gcúrsaí aistriúcháin. Tá gaol fola aige le Gaeltacht Mhúscraí, agus suim dá réir aige i dteanga, litríocht, béaloideas agus seanchas an cheantair sin. Tá sé ina bhall de Choiste Litríochta Mhúscraí gurb aidhm dó litríocht agus cultúr Ghaeltacht Mhúscraí a chaomhnú agus a athfhoilsiú.
Foilseacháin / Publications
Leabhair / Books
- Gearóid Ó Tuathaigh, Liam Lillis Ó Laoire, Seán Ua Súilleabháin (eag. / ed.), Pobal na Gaeltachta: a scéal agus a dhán (Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán, Conamara, 2000), 746 lgh / pp.
- Seán Ua Súilleabháin agus Dáibhí Ó Cróinín (eag. / ed.), Carlo Collodi a scríbh, Pádraig Ó Buachalla a chuir i nGaelainn, Roberto Innocenti a mhaisigh le pictiúirí, Eachtra Phinocchio (Coiste Litríochta Mhúscraí, Baile Mhic Íre, 2003), 142 lgh / pp.
- Seán Ua Súilleabháin (eag. / ed.), Dónall Bán Ó Céileachair d'innis, léaráidí le Pauline Dodds, Scéal mo bheatha (Coiste Litríochta Mhúscraí, Baile Mhic Íre, 2008), xxiii + 218 lgh / pp.
Aistí / Articles
- 'Deilbhíocht bhriathra an tarna réimniú i nGaeilge Iarthar Mhúscraí', Celtica 20 (1988), 145-66.
- 'Údar Sgáthán an chrábhaidh', Maynooth review 14 (1989), 42-50.
- 'Sgáthán an chrábhaidh: foinsí an aistriúcháin', Éigse 24 (1990), 26-36.
- ' "Music has ended": the death of a harper', Celtica 22 (1991), 165-75. i gcomhar le / jointly with Seán Donnelly
- 'Gaeilge na Mumhan', K. McCone et al. (eag.), Stair na Gaeilge in ómós do Phádraig Ó Fiannachta, (Roinn na Sean-Ghaeilge, Coláiste Phádraig, Maigh Nuad, 1994), 479-538
- 'Cnuasach focal ó Luimneach', in A. Ahlqvist & Vera Capková (eag. / ed.), Dán do oide: essays in memory of Conn R. Ó Cléirigh, 1927-1995 (Institiúid Teangeolaíochta Éireann, Dublin, 1997), 515-43. (i gcomhar le Pádraig Ó Snodaigh)
- 'Ó Tuama, Mícheál (George Curtin)' in Fintan Vallely (ed.), The companion to Irish traditional music (Cork University Press, Cork, 1999), 293.
- 'The O'Learys of Liscarrigane', in P. Kelleher and M. O'Connell (edd.), Back to our roots: a history of Garrane National School and the parish of Clondrohid (Garrane Centenary Committee, Clondrohid, 1999), 145-48.
- 'Mícheál Ó Cuill, 1888-1955' in P. Kelleher and M. O'Connell (edd.), Back to our roots: a history of Garrane National School and the parish of Clondrohid (Garrane Centenary Committee, Clondrohid, 1999), 149-52.
- 'Peig Bean Uí Réagáin, 1905-1999', An linn bhuí: iris Ghaeltacht na nDéise 4, 2000, 16-23.
- ' "Tuireamh an Athar Diarmada Uí Uallacháin" le Peadair Sheáin Ó Conchúir', in P. Riggs, B. Ó Conchúir, S. Ó Coileáin (eag.), Saoi na héigse: aistí in ómós do Sheán Ó Tuama (An Clóchomhar, Baile Átha Cliath, 2000), 209-17.
- 'An scéaldráma', Aimsir óg, 2000, cuid a dó, 245-50.
- 'Glac bheag focal', Éigse 33 (2002), 173-78.
- 'Comhfhreagras idir an Athair Peadair agus an tAimhirgíneach', Celtica 24 (2003), 280-84. téacs / text
- 'The lost has been found: the earliest surviving bilingual Irish dictionary' in J. Carey, M. Herbert & K. Murray (eag. / ed.), Cín Chille Cúile: texts saints and places - essays in honour of Pádraig Ó Riain (Celtic Studies Publications, Aberystwyth, 2004), 392-405.
- 'Dhá scéal ó bhéal Thaidhg Cúnnún', An linn bhuí: iris Ghaeltacht na nDéise 10 (2006), 7-13.
Léachtaí Foilsithe / Published Lectures
- 'Osborn Bergin', in Ruairí Ó hUiginn (eag.), Scoláirí Gaeilge, Léachtaí Cholm Cille 27 (An Sagart, Maigh Nuad, 1997), 150-76
- 'A closer look at Latin and Irish sources of Pluincéad's Vocabularium' (achoimre/abstract), in Ronald Black, William Gillies, Roibeard Ó Maolalaigh (edd.), Celtic connections: proceedings of the Tenth International Congress of Celtic Studies, volume 1: language, literature, history, culture (Tuckwell Press, Phantassie, Scotland, 1999), 554
- 'Baile Mhúirne, Cill na Martra agus Cluain Droichead', in Gearóid Ó Tuathaigh, Liam Lillis Ó Laoire, Seán Ua Súilleabháin (eag.), Pobal na Gaeltachta: a scéal agus a dhán (Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán, Conamara, 2000), 652-75
Léirmheasanna / Reviews
- Siobhán Ní Laoire (eag.), Bás Cearbhaill agus Farbhlaidhe (An Clóchomhar, Baile Átha Cliath, 1986), Celtica 20 (1988), 204-07
- Ciarán Ó Coigligh (eag.), Raiftearaí: amhráin agus dánta (An Clóchomhar, Baile Átha Cliath, 1986), Celtica 20 (1988), 208-09
- Liam Mac Mathúna (eag.), Séadna (Carbad, Baile Átha Cliath, 1987), Celtica 20 (1988), 209-11
- Máistir ar an teanga an Monsignor Pádraig de Brún d'aistrigh, in eagar ag Ciarán Ó Coigligh, An Odaisé (Coiscéim, Baile Átha Cliath, 1990), Comhar 50, 1 (Eanáir 1991), 29-31
- Francisco X. Alarcón, & aistriúchán Gaeilge le Gabriel Rosentock (1992) De amor oscuro : Um an ngrá dorcha (Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán, Conamara 1992), Comhar 52, 1 (Eanáir 1993), 21-2
- Pádraig A. Breatnach, Téamaí taighde Nua-Ghaeilge. (An Sagart, Maigh Nuad, 1997), Éigse 31 (1999), 169-74
- Thomas Crofton Croker, Fairy legends & traditions of the South of Ireland, New Introduction by Francesca Diano (The Collins Press, Cork, 1998), Journal of the Cork Historical and Archaeological Society 105 (2000), 254-55
- Seán de Hóra Ó Chorca Dhuibhne (Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán, Co. na Gaillimhe, 1989) [taifead amhránaíochta ar an sean-nós / traditional singing recording] Irish Folk Music Studies: Éigse Cheol Tíre, 5-6, 1986-2001, 96-7