Tá neascacha don láithreán so ag bun an leathanaigh
Fógraí
Seoladh Leabhar, 30 Márta 2012
Seoladh sé cinn de leabhair
i Roinn na Nua-Ghaeilge, Coláiste Ollcoile Chorcaí

Ón dtaobh clé: an Dr. Seán Ua Súilleabháin, an Dr. Neil Buttimer (údar Tréimhse promhaidh), a tOll. Dónall Ó Baoill, Máiréad Ní Loingsigh, an Dr. Seán Ó Duinnshléibhe (údar Párliment na bhfíodóirí), an Dr. Laoise Nic Chárthaigh (údar Údarás na Gaeltachta - an lár agus an t-imeall (leabhar leictreonach)), an tOllamh Emeritus Fiona Kearney (thar ceann an Dra. Barra Ó Cearnaigh, údar Amhail fuaim chogair bhig), Seán Ó Coileáin, an Dr. Pádraigín Riggs, Tadhg Ó Síocháin (a chuir Gaeilge ar Delphine agus Marinette le Marcel Aymé), an Dr. Tríona Ní Shíocháin (údar Bláth 's craobh na n-údar), Liam Ó Murchú
Teangeolaíocht na Gaeilge XV 20-21 Aibreán

Lucht na Comhdhála / Participants in the Teangeolaíocht na Gaeilge XV Conference
20-21 Aibreán d'eagraigh Scoil Léann na Gaeilge an chomhdháil Teangeolaíocht na Gaeilge XV. Comhdháil bhliantúil í seo a dhíríonn ar struchtúr teangan na Gaeilge agus na Gàidhlige.
Tugadh réimse leathan cainteanna i mbliana ar abbhair éagsúla dála tumoideachas na Gaeilge, sealbhú na mionteangacha, leasú litrithe na Gàidhlige, iasachtaí Iodáilise sa Ghaeilge, nó anailís an dioscúrsa. Is díol suntais é gur eachtrannaigh cuid mhaith de na rannpháirtithe, ó na tíortha seo a leanas: an Rúis, an Pholainn, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Iodáil, an Spáinn, an Ollainn, agus Alba. Comhartha é sin go bhfuil ag méadú ar an spéis sa Ghaeilge ar bhonn idirnáisiúnta. B'é an Dr Diarmuid Ó Sé, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, a thug an aoichaint, léacht a tharraing slua mór daoine ón Ollscoil seo 'gainne agus ón bpobal lasmuigh.
Thug Scoil Léann na Gaeilge tacaíocht airgid don gcomhdháil, agus chabhraigh Ionad na Gaeilge Labhartha le heagrú na hócáide chomh maith.
The School of Irish Learning hosted the conference Teangeolaíocht na Gaeilge XIV on April 20-21. This is an annual event which focusses on the linguistic structure of Irish and its close relative Scots Gaelic.
This year a wide range of papers were offered on subjects such as immersion education in Irish, acquisition of minority languages, reforming Scots Gaelic orthography, Italian loanwords in Irish, and discourse analysis. It is worth noting that about half of the participants came from outside Ireland, with the following countries being represented: Russia, Israel, Poland, the United States, Italy, Spain, Holland, and Scotland. This testifies to the growing interest in and awareness of Gaelic languages among the international linguistic community. The key-note address was given by Dr Diarmuid Ó Sé, University College Dublin and attracted a large attendance both from within UCC and the general public.
The conference was partly funded by the School of Irish Learning. The organiser would also like to acknowledge the support of Ionad na Gaeilge Labhartha.