Tá neasceacha don láithreán so i mbun an leathanaigh
Gramadach na Gaeilge go hAchomair
- Séimhiú, Urú, t- agus h ar Ainmfhocal
- 1. mo, do, a (his) + séimhiú ar chonsan, m.sh. mo mhála, do mhála, a mhála (his bag)
a (her) + loime .i. consan lom, m.sh. a mála (her bag)
a (his) + guta, m.sh. a athair (his father)
a (her) + h ar ghuta, m.sh. a hathair (her father)
ár, bhur, a (their) + urú, m.sh. ár bhfoireann, bhur gceachtanna, a ngaolta (their relatives)
m' in áit mo, d' in áit do roimh ghuta nó fh + guta, m.sh. m'áit féin, d'fhocal - An Réamhfhocal
- 2. Réamhfhocal + an + urú de ghnáth; den, don + séimhiú nó urú; sa (ins an) + séimhiú. M.sh. ar an mbóthar, ón gcathair, don fhear nó don bhfear, sa bhanc. San roimh ghuta, m.sh. san áit, san oifig
- 3. Réamhfhocal + na + consan lom nó h roimh ghuta, m.sh. ar na capaill, leis na fir, as na háiteanna
- 4. Ní bhíonn séimhiú ar d, t, tar éis sa; m.sh. sa doras, sa tigh
- 5. Séimhiú i ndiaidh na réamhfhocal simplí: de, do, faoi (fé), mar, ó, roimh, trí, um; bíonn séimhiú de ghnáth i ndiaidh ar agus thar, m.sh. faoi thalamh, ó Chorcaigh, trí pháirc etc
- 6. ag, as, go, le + consan lom ar ainmhfocal, m.sh. ag Seán, le peann
- 7. le, go + h ar ghuta ainmfhocail, m.sh. le huirlis, go háit
- 8. i + urú ar chonsan, m.sh. i gCorcaigh; in roimh ghuta, m.sh. in áit, in Éirinn
- 9. d' in áit de, do roimh ghuta, m.sh. d'áit, d'Éirinn
- An tAlt
- 10. an + consan lom ar ainmfhocal firinscneach, m.sh. an ceann, an fear (ach amháin i gcás (2) thuas agus sa tuiseal ginideach)
- 11. an + séimhiú ar ainmfhocal baininscneach, m.sh. an bhean, an fhadhb (ach amháin i gcás (2) thuas agus (21) thíos)
- 12. an + t- ar ainmfhocal firinscneach a thosnaíonn ar ghuta, m.sh. an t-athair; imíonn an t-, nuair a bhíonn réamhfhocal roimh an, m.sh. ag an athair
- 13. an + t ar ainmfhocal baininscneach a thosnaíonn ar s, m.sh. an tseachtain
- 14. an + t ar ainmfhocal firinscneach a thosnaíonn ar s sa tuiseal ginideach, m.sh. doras an tséipéil
- 15. An t-alt na + consan lom agus h roimh ghuta (ach amháin sa ghinideach iolra), m.sh. lá na bainise, timpeall na háite, na fir,na mná, na huaisle; cf. (3)
- 16. Urú tar éis na ar ainmfhocal sa ghinideach iolra, m.sh. luach na dtithe, fadhbanna na bhfeirmeoirí, cearta na mban
- An tAinmfhocal, An Aidiacht
- 17. Séimhiú ar ainmfhocal dílis(ainm duine, áite etc.) sa tuiseal ghinideach, m.sh. cathracha Shasana, tigh Sheáin
- 18. Bíonn séimhiú i ndiaidh na bhfocal aon, céad (= first), m.sh. aon mhaith, an chéad bhliain
- 19. Orduimhreacha (ach amháin céad) + loime .i. consan lom, h roimh ghuta, m.sh. an tríú bliain, an seachtú fear, an dara huair, an naoú haois
- 20. Bíonn séimhiú ar an dara heilimint de chomhfhocal, m.sh. seanbhean, fodhuine, drochshaol
- 21. Má thagann dhá litir acu seo D, N, T, L, S le chéile bíonn cosc ar shéimhiú i gcomhfhocal, agus tar éis aon, céad, an, (den, don), m.sh. lándeimhnitheach, aon duine, an daoirse (bain.), an tine (bain.), an chéad taoiseach
- 22. Ní choisceann dhá litir acu seo D, N, T, L, S a theacht le chéile séimhiú ar aidiacht, m.sh. áit dhorcha, bean dheas; coisceann ar ainmfhocal (ach amháin ainm) sa tuiseal ginideach, m.sh. áit dúchais
- An Aidiacht
- 23. Ainmfhocal firinscneach + consan lom ar aidiacht nó ar ainmfhocal sa ghinideach a leanfaidh é, m.sh. fear maith, capall bán
- 24. Ainmfhocal baininscneach + séimhiú ar aidiacht nó ar ainmfhocal sa ghinideach a leanfaidh é, m.sh. bean mhaith, láir bhán, áit mhór
- 25. Uimhir iolra na haidiachta, fir mhóra, ba bána, daoine aite, capaill láidre
- 26. Séimhiú ar aidiacht i ndiaidh ainmfhocail san uimhir iolra a chríochnaíonn ar chonsan, m.sh. capaill mhóra, crainn ghlasa; consan lom ar aidiacht i ndiaidh ainmfhocail san uimhir iolra a chríochnaíonn ar ghuta, m.sh. buachaillí dána, cailíní breátha
- Uimhreacha
- 27. dhá + séimhiú + uimhir uatha, dhá cheann, dhá chapall (scríobhtar dá tar éis an, aon, céad; m.sh. an dá cheann, aon dá uimhir); bíonn séimhiú ar aidiacht agus í san uimhir iolra ina dhiaidh, dhá cheann mhóra, dhá chapall bhána
- 28. trí, ceithre, cúig, sé + séimhiú + uimhir uatha, nó + consan lom + uimhir iolra; m.sh. trí bhó nó trí ba; más í an uimhir iolra a úsáidtear h roim ghuta i ndiaidh trí, ceithre, sé; m.sh. trí huaire, ceithre háiteanna, sé huibhe; ní bhíonn h ina ndiaidh más í an uimhir uatha a bhíonn ann, m.sh. trí áit, ceithre uimhir
- 29. seacht, ocht, naoi, deich + urú + uimhir uatha, nó + urú + uimhir iolra; m.sh. naoi mbó nó naoi mba
- 30. Uimhreacha móra (20, 30, 100 etc.) + uimhir uatha gan séimhiú gan urú; m.sh. fiche bliain, daichead fear, céad duine
- 31. Orduimhreacha: séimhiú ar céad tar éis an agus na, séimhiú ar ainmfhocal ina dhiaidh; m.sh. an chéad bhliain, scrúdú na chéad bhliana, na chéad fheirmeoirí; loime i ndiaidh na n-orduimhreacha eile, dara, tríú etc; féach uimhreacha (18), (19) anso
- 32. Uimhreacha pearsanta + ginideach (iolra de ghnáth); séimhiú i ndiaidh beirt, an bheirt, consan lom i ndiaidh na n-uimhreacha eile, m.sh. beirt bhan, an bheirt bhuachaillí, triúr fear, ceathrar feirmeoirí; an an fhoirm den alt a úsáidtear leis na huimhreacha pearsanta, m.sh. an seachtar cailíní
- An Briathar
- 33. Ní bhíonn séimhiú (gan chúis) ar bhriathar san aimsir láithreach ná san aimsir fháistineach, m.sh. caitheann sé, caithfidh sé (ach ní chaitheann sé, ní chaithfidh sé)
- 34. Bíonn séimhiú de ghnáth ar bhriathar san aimsir chaite, san aimsir ghnáthchaite, agus sa mhodh coinníollach, chaith sé, chaitheadh sé, chaithfeadh sé
- 35. Bíonn d' roimh ghuta agus roimh f ar bhriathar neamhspleách san aimsir chaite, san aimsir ghnáthchaite, agus sa mhodh coinníollach, d'ól sé, d'itheadh sé, d'imeodh sé, d'fhreagair sé, d'fhill sé
- 36. a + séimhiú ar bhriathar (coibhneas díreach), an fear a thagann; ní + séimhiú ar bhriathar, ní chaitheann sé, má + séimhiú ar bhriathar, má thagann sí
- 37. a + séimhiú ar ainm briathartha, obair a dhéanamh
- 38. Ní bhíonn séimhiú ar bhriathar saor, aimsir chaite, ach amháin i gcás roinnt briathra neamhrialta, m.sh. caitheadh cloch; briseadh fuinneog, níor díoladh as
- 39. Coibhneas díreach, an fear a thagann, an tigh a thógfaidh sé; aimsir chaite: an obair a dhein sé
- 40. Coibhneas indíreach, an fear go dtagann Mícheál chuige, an t-airgead go dtógfaidh sé an tigh leis (an t-airgead lena dtógfaidh sé an tigh), aimsir chaite: an uirlis gur dhein sé an obair léi (an uirlis lenar dhein sé an obair)
- 41. gur, níor, nár, ar (+ séimhiú) + aimsir chaite amháin; go, ní, nach, an (+ urú) sna haimsirí eile; m.sh. níor chaith sé pingin fós, ní chaitheadh sé puinn airgid an uair sin, ní chaithfeadh sé pingin dá mbeadh sé ag fáil bháis leis an ocras
- 42. nach + urú ar bhriathar, nach dtagann sé; nach > is (ainmfhocal, aidiacht, forainm, nó réamhfhocal a leanfaidh é) + consan lom, deir sé nach gadaí é, nach deas an áit é?
- 43. an, go cá; mura, nach, dá + urú ar bhriathar, an dtéann tú?, go mbriseann sé, cá mbíonn sí?
- 44. Ní féidir na forainmneacha pearsanta mé, tú, é, í, sinn, sibh, iad a úsáid i ndiaidh ainm bhriathartha; ní foláir é a rá mar seo: do mo ('om) bhualadh, do do ('od) bhualadh, á bhualadh, á bualadh, dár ('ár) mbualadh, do bhur (bhur) mbualadh, á mbualadh
- Tuiseal Ginideach
- 45. In áit dhá ghinideach a bheith i ndiaidh a chéile nuair is ainmfhocal cinnte (an nó na roimhe, ainm duine nó áite) an dara focal cuirtear séimhiú ar an gcéad ainmfhocal agus fágtar sa tuiseal ainmneach é, m.sh. saol mhuintir na háite, sráideanna chathair Chorcaí, athair bhanríon na Gréige
- 46. Lagiolra ag ainmfhocal gur foirm an ainmnigh uatha ach caolú ina dheireadh a bhíonn mar iolra aige (m.sh. an capall > na capaill), nó foirm an ainmnigh uatha + -a (m.sh. bróg > na bróga): is ionann foirm don ghinideach iolra ag ainmfhocal den saghas seo agus don ainmneach uatha; m.sh. ag tiomáint (na g)capall, ag ceannach (na m)bróg; tréaniolra aon fhoirm eile -ta, -í, -(e)anna, -(e)acha, -tha etc: is ionann foirm do na focail seo san ainmneach iolra agus sa ghinideach iolra, m.sh. na háiteanna, a lán áiteanna; na habairtí, ag cumadh na n-abairtí; na tíortha, rialtaisí na dtíortha saibhre
- 47. cuid, roinnt, go leor, a lán, mórán, a dhóthain etc. + tuiseal ginideach uatha nó iolra (nó + den, de na)
- 48. Ainm briathartha + tuiseal ginideach, ag léamh an leabhair, ag déanamh na hoibre
- 49. Réamhfhocal comhshuite + tuiseal ginideach, tar éis na hoibre, os cionn an dorais
- 50. chun, timpeall, trasna + tuiseal ginideach, chun na háite, timpeall na páirce, trasna an bhóthair
- Nithe Fánacha
- 51. Ní bhaineann múnlaí ar nós tá sé fear leis an nGaeilge; deirtear is fear é, fear is ea é, nó tá sé ina fhear
- 52. Cúpla + uimhir uatha + consan lom, m.sh. cúpla duine, cúpla punt, cúpla ceann, cúpla mála
- 53.
- Téann tú isteach, tagann tú isteach, bíonn tú istigh
- Téann tú amach, tagann tú amach, bíonn tú amuigh
- 54.
- Téann tú síos, bíonn tú thíos, tagann tú aníos (= going down, below, coming up)
- Téann tú suas, bíonn tú thuas, tagann tú anuas (= going up, above, coming down)
- Téann tú siar, bíonn tú thiar, tagann tú aniar (= going west, west, coming from the west)
- Téann tú soir, bíonn tú thoir, tagann tú anoir (= going east, east, coming from the east)
- Téann tú ó thuaidh, bíonn tú thuaidh, tagann tú aduaidh (= going north, north, coming from the north)
- Téann tú ó dheas, bíonn tú theas, tagann tú aneas (= going south, south, coming from the south)