DÁMH AN LÉINN CHEILTIGH

neascacha don láithreán so i mbun an leathanaigh

Cruinneas na Gaeilge - Na Díochlaonta

An Tuiseal Ginideach

Bíonn tuiseal ginideach i ndiaidh:

Samplaí

Na Díochlaonta

Insíonn na díochlaonta dhúinn cad é an tuiseal ginideach atá ag ainmfhocal

Díochlaonadh 1

Ainmfhocail fhirinscneacha; deintear an tuiseal ginideach le caolú deiridh, .i. an litir i a chur i ndiaidh an ghuta dheireanaigh

Samplaí

Díochlaonadh 2

Ainmfhocail bhaininscneacha; deintear an tuiseal ginideach trí e a chur leis an bhfocal

Samplaí

Má tá deireadh leathan ag an bhfocal .i. más a, o, nó u (nó á, óú) an guta déanach ann caithfear an deireadh a chaolú chomh maith .i. i a chur i ndiaidh an ghuta dheireanaigh sara gcuirfear -e leis

Samplaí

Díochlaonadh 3

Ainmfhocail fhirinsnceacha agus bhaininscneacha; deintear an tuiseal ginideach trí a a chur leis an bhfocal

Samplaí

Más caol do dheireadh an fhocail caithfear é a leathnú mar a deineadh sa tsampla so trí i a bhaint amach roimh an gconsan deireanach sara gcuirfear a leis

Sampla d'Ainmfhocal Bhaininscneach

Díochlaonadh 4

Ainmfhocail fhirinscneacha agus bhaininscneacha; mar a chéile an tuiseal ainmneach agus an tuiseal ginideach acu,

Samplaí

Díochlaonadh 5

Ainmfhocail bhaininscneacha agus roinnt bheagáin fhocal firinscneach; críochnaíonn an tuiseal ginideach ar chonsan leathan, -(a)n, -(a)d, -(e)ach, nó leathnaítear pé consan atá ann .i. baintear amach an i deireanach sa bhfocal chun an ginideach a dhéanamh

Samplaí Breise

Díochlaonadh 1

Ainmfhocail Fhirinscneacha

uathaiolra
  • an crann
  • fén gcrann
  • barr an chrainn
  • na crainn
  • fé (s)na crainn
  • barraí na gcrann
  • an t-úll
  • ar an úll
  • ag ithe an úill
  • na húlla
  • ar na húlla
  • ag ithe na n-úll
  • an ceol
  • leis an gceol
  • ag seinnt an cheoil
  • na ceolta (sí)
  • leis na ceolta
  • de dheasca na gceolta
  • an glór
  • (bodhar) ag an nglór
  • ag déanamh an ghlóir
  • na glórtha
  • leis na glórtha
  • ag déanamh na nglórtha
  • an bealach
  • ar an mbealach
  • i lár an bhealaigh
  • na bealaí
  • ar na bealaí
  • ag cáineadh na mbealaí sin
  • an cogadh
  • ón gcogadh
  • i rith an chogaidh
  • na cogaí
  • ar na cogaí
  • le linn na gcogaí
  • an leigheas
  • ar an leigheas
  • ag moladh an leighis
  • na leigheasanna
  • ar na leigheasanna
  • de bharr na leigheasanna
  • an saghas
  • leis an saghas
  • ag ceannach an tsaghais sin
  • na saghsanna
  • leis na saghsanna
  • de dheasca na saghsanna

Díochlaonadh 2

Ainmfhocail Bhaininscneacha

uathaiolra
  • an bhróg
  • ar an mbróig
  • bonn na bróige
  • na bróga
  • ar na bróga
  • boinn na mbróg
  • an fhuinneog
  • tríd an bhfuinneo(i)g
  • gloine na fuinneoige
  • na fuinneoga
  • trí (s)na fuinneoga
  • briseadh na bhfuinneog
  • an chlann
  • leis an gclann
  • i dtaobh na clainne
  • na clanna
  • leis na clanna
  • i dtaobh na gclann
  • an chailleach
  • leis an gcailleach
  • tigh na caillí
  • na cailleacha
  • leis na cailleacha
  • tithe na gcailleach
  • an scornach
  • fén scornach
  • úll na scornaí
  • na scornacha
  • fé (s)na scornacha
  • timpeall na scornach
  • an sceach
  • ar an sceach
  • ag dó na sceiche
  • na sceacha
  • ar na sceacha
  • ag dó na sceach
  • an speal
  • leis an speal
  • crann na speile
  • na speala
  • leis na speala
  • lucht na speal
  • an chearc
  • ag an gcearc
  • ubh na circe
  • na cearca
  • ag na cearca
  • uibhe na gcearc
  • an mhaighdean
  • ón maighdean
  • máthair na maighdine
  • na maighdeana
  • ó (s)na maighdeana
  • máithreacha na maighdean

Tugtar fé ndeara

  1. an obair > ag déanamh na hoibre
  2. an phaidir > ag rá na paidre
  3. an mheitheal > i gceann na meithle
  4. an phian > de dheasca na péine, na pianta

Díochlaonadh 3

Firinscneach

-(e)acht, -cht

(Aon tsiolla amháin, m. sh: an reacht, an fuacht, lacht, leacht, locht, smacht, ucht)

uathaiolra
  • an ceacht
  • ag an gceacht
  • deireadh an cheachta
  • na ceachtanna
  • ag na ceachtanna
  • de bharr na gceachtanna

Baininscneach

-(e)acht

(Déshiollach, ilshiollach, m. sh: an aidiacht, an bheannacht, an chuallacht)

uathaiolra
  • an iarracht
  • leis an iarracht
  • de bharr na hiarrachta
  • na hiarrachtaí
  • leis na hiarrachtaí
  • de bharr na n-iarrachtaí
-íocht

(M. sh: litríocht, polaitíocht, ríocht)

  • an fhilíocht
  • ar an bhfilíocht
  • ag scríobh na filíochta
 
Athrú sa ghuta
uathaiolra
  • an greim
  • ag an ngreim
  • ag breith an ghreama
  • na greamanna
  • ag na greamanna
  • ag breith na ngreamanna
Nótaí
  1. an lios > timpeall an leasa
  2. an mhil > blas na meala
  3. an fhuil > dath na fola
  4. an mhuir > cois na mara
-éi- > -éa-
uathaiolra
  • an siúinéir
  • ón siúinéir
  • obair an tsiúinéara
  • na siúinéirí
  • ó (s)na siúinéirí
  • ceard na siúinéirí

Díochlaonadh 4

Firinscneach

uathaiolra
  • an baile
  • ar an mbaile
  • in aice an bhaile
  • na bailte, bailtíocha
  • ar na bailte, bailtíocha
  • ar fuaid na mbailte
  • an t-ainmhí
  • ag faire ar an ainmhí
  • ag fiach an ainmhí
  • na hainmhithe
  • ar na hainmhithe
  • ag fiach na n-ainmhithe
  • an t-uncail
  • ag caint leis an uncail
  • ag moladh an uncail
  • na huncailí
  • leis na huncailí
  • ag moladh na n-uncailí

Baininscneach

  • an chuma
  • ar an gcuma
  • de bharr na cuma
  • na cumaí éagsúla go ndeintear é
  • ar na cumaí
  • de bharr na gcumaí
  • an aiste
  • ag obair ar an aiste
  • ag scríobh na haiste
  • na haistí
  • ar na haistí
  • ag scríobh na n-aistí

Díochlaonadh 5

  • an bheoir  (bain.)
  • sásta leis an mbeoir
  • ag ól na beorach
  • na beoracha nua
  • ag súil leis na beoracha nua
  • ag moladh na mbeoracha nua
  • an chathair  (bain.)
  • tríd an gcathair
  • lár na cathrach
  • na cathracha
  • trí (s)na cathracha
  • muintir na gcathracha
  • an cara  (fir.)
  • ón gcara
  • tigh an charad
  • na cairde
  • ó (s)na cairde
  • cúnamh na gcairde a bhí acu
  • an bhráid  (bain.)
  • slabhra ar an mbráid aici
  • poll na brád
 
  • an phearsa  (bain.)
  • tábhacht leis an bpearsa aonair
  • tábhacht na pearsan
  • na pearsain / na pearsana
  • leis na pearsain / pearsana
  • ag moladh na bpearsan / bpearsana
  • Alba  (bain.)
  • In Albain
  • Muintir na hAlban
 
  • Éire  (bain.)
  • In Éirinn
  • Muintir na hÉireann
  • An t-athair  (fir.)
  • Leis an athair
  • Feirm an athar
 
  • An mháthair  (bain.)
  • Leis an máthair
  • Nádúr na máthar

Ainmfhocail Mhírialta

Bean
Ginideach uatha: scéimh na mná
Ainmneach iolra: na mná
Ginideach iolra: cearta na mban
Ginideach iolra: ag cáineadh na mban
Deirfiúr
Ginideach uatha: fear na deirféar is sine
Ainmneach iolra: na deirfiúracha / na deirféaracha
Ginideach iolra: tuairim na ndeirfiúracha na ndeirféaracha
Leaba
Ginideach uatha: cnaiste na leapa
Ainmneach iolra: na leapacha
Ginideach iolra: ag díol na leapacha
An mhí
Ginideach uatha: lár na míosa
Ainmneach iolra: na míonna
Ginideach iolra: ar feadh na míonna
An olann
Ginideach uatha: ag ceannach na holla
Ainmneach iolra: na holanna
Ginideach iolra: ag ceannach na n-olann
An talamh
Ginideach uatha: ag treabhadh na talún
Ainmneach iolra: tailte, na talúintí
Ginideach iolra: ag díol na dtailte / ag díol na dtalúintí
Dia
Ginideach uatha: ag moladh Dé
Ainmneach iolra: na déithe
Ginideach iolra: ag moladh na ndéithe
Ginideach uatha: i lár an lae
Ainmneach uatha: laethanta
Ginideach iolra: ainmneacha na laethanta
Deoch
Ginideach uatha: ag ól na dí
Ainmneach uatha: na deochanna
Ginideach iolra: ag ól na ndeochanna

Ainmneacha Briathartha ag Críochnú ar -adh,

An scrúdú
Ginideach uatha: páipéirí an scrúdaithe
Ainmneach iolra: na scrúduithe
Ginideach iolra: ag déanamh na scrúduithe
X: lucht scrúdaithe tiomána
An moladh
Ginideach uatha: as ucht an mholta
Ginideach uatha: litir mholta
Ginideach uatha: lucht molta na daíochta
Ainmneach iolra: na moltaí
Ginideach iolra: de bharr na moltaí
Caitheamh
Ginideach uatha: de dheasca an chaithimh
ach: lucht caite airgid
Cúnamh
Ginideach uatha: ag tabhairt cúnaimh dó
ach: tabhair lámh chúnta dhom

Tuiseal Gairmeach

Fir
a Sheáin
a Pheadair
a Mhichíl
a Dhonncha
a fhir mhaith
a dhuine uasail
a mhic mo chroí
a chathaoirligh
Mná
a Shiobhán
a Mháiréad
a Shadhbh
a Mháire
a Shíle
a bhean mhaith
a bhean uasal
a chailleach chrón
a iníon ó
a dheirfiúr dhílis óg
Téarmaí Ceana
a stór
a chumann
Slua-ainm
a phobal Dé

Coláiste na hOllscoile, Corcaigh Roinn na Nua-Ghaeilge

Neascleanúint

[ An Dámh | Nua-Ghaeilge | Sean-Ghaeilge | Gaeilge Labhartha | Seandalaíocht | Stair ]

Dámh an Léinn Cheiltigh: Leathanaigh Bhaile

Cáipéasaí